2 Na Giúdaigh ar cuireadh d'iallach orthu é a leanúint, dúirt siad: “Ná scrios iad chomh danartha ná chomh barbartha sin, ach bíodh meas agat ar an lá ar thug an té a fheiceann gach ní ómós dó agus a naomhaigh sé thar gach lá.”
3 Ansin d'fhiafraigh coirpeach na dtrí mallachtaí an raibh rí ar neamh a d'ordaigh lá na sabóide a choimeád.
4 Nuair a d'fhógair siad: “Is é an Tiarna beo féin, an Flaith ar neamh, a d'ordaigh dúinn an seachtú lá a choimeád,”
5 d'fhreagair sé: “Agus is mise, mar fhlaith ar talamh, a ordaíonn daoibh airm a ghlacadh agus gnó an rí a chur i gcrích.” Ach mar sin féin níor éirigh leis a bheartas gráiniúil a chur i bhfeidhm.
6 Le barr uabhair agus sotail, bhí sé beartaithe ag Niocánór carn poiblí bua a thógáil leis an gcreach a ghabhfaí ó Iúdás agus óna chuid fear.
7 Ach níor bhog an Macabaech ach é lán de mhuinín agus de dhóchas go dtiocfadh cabhair chuige ón Tiarna.
8 Thug sé misneach dá chuid fear gan eagla a bheith orthu roimh ionsaithe na ngintlithe, ach cuimhneamh ar an gcabhair a tháinig chucu ó neamh san am a bhí thart, agus a bheith ag súil an uair sin leis an mbua a thabharfadh an tUilechumhachtach dóibh.