22 Mar seo a ghabh an urnaí a rinne sé chuige: “A Thiarna, sheol tú d'aingeal le linn Hiziciá, rí Iúdá, agus mharaigh seisean céad ochtó a cúig míle nó breis i gcampa Shanaichéiríb.
23 A rí na bhflaitheas, seol anois, arís eile, aingeal maith le scéin agus scanradh a scaipeadh romhainn.
24 Go dtreascraítear ar lár le neart do ghéige an mhuintir seo a tháinig chun do phobal naofa a ionsaí agus diamhasla ina mbéal acu.” Dhún a urnaí leis na focail sin.
25 Ghluais Niocánór agus a chuid fear ar aghaidh agus stoic á séideadh agus laoithe á gcanadh;
26 agus chuaigh Iúdás agus a chuid fear i ngleic leo ag urnaí agus ag guí chun Dé.
27 Ag troid lena lámha dóibh agus ag guí chun Dé lena gcroí, threascair siad breis agus tríocha a cúig mhíle duine, agus chuir Dia lúcháir mhór orthu leis an taispeántas sin.
28 Nuair a bhí an cath thart agus iad ag filleadh faoi áthas, d'aithin siad Niocánór ar lár marbh ina lánéide chatha.