29 Ansin bhí geoin agus glisiam agus mhol siad an Tiarna ina dteanga dhúchais.
30 An té a chaith é féin go hiomlán, idir anam agus chorp, ag cosaint a mhuintire féin, agus a choinnigh slán an cion a bhí aige óna óige ar a chine féin, d'ordaigh sé dóibh ceann Niocánór a theascadh de, mar aon lena láimh agus lena ghualainn, agus iad a bhreith go Iarúsailéim.
31 Nuair a shroich sé an áit sin, ghlaoigh sé le chéile ar a mhuintir, chuir na sagairt ina seasamh os comhair na haltóra, agus chuir fios ar lucht an Dúnfoirt.
32 Thaispeáin sé ceann Niocánór na táire dóibh, agus lámh an diasmhaslaitheora úd a síneadh go huallach in aghaidh theach naofa an Uilechumhachtaigh.
33 Ansin ghearr sé amach teanga Niocánór na héagráifeachta agus dúirt go gcaithfeadh sé í smut ar smut chun na n‑éan, agus go gcrochfaí luach saothair a dhíth céille os comhair an Teampaill.
34 Ansin, ag féachaint chun na bhflaitheas dóibh, bheannaigh siad uile an Tiarna, a thaispeáin é féin, á rá: “Moladh leis an té sin a choinnigh a áit féin gan truailliú.”
35 Chroch sé ceann Niocánór ón Dúnfort, mar a raibh sé ina chomhartha soiléir suntasach ag cách ar chabhair an Tiarna.