36 Rith siad go léir reacht d'aonghuth le vóta poiblí nach ligfí an lá sin thart gan ceiliúradh go deo, ach an tríú lá déag den dara mí déag - ar a dtugtar Adár sa tSíris - a chomóradh an lá roimh lá Mhordacaí.
37 Mar sin a bhí cúrsaí ag Niocánór, agus ón tráth úd tá an chathair i lámha na nEabhrach. Scoirfidh mise de mo scéal anseo.
38 Má tá sé inste go slachtmhar tomhaiste, níl ansin ach mar a chuir mé romham; mura bhfuil sé ach leathchuíosach gan slacht, sin a raibh ar mo chumas.
39 Faoi mar atá sé díobhálach fíon a ól leis féin, nó arís uisce a ól leis féin, ach gur milis dea-bhlasta é an fíon measctha le huisce, agus go méadaíonn sé sásamh an duine ann, ar an gcuma chéanna is í stíl na hinste a thugann taitneamh do chluasa lucht léite saothair. Ní beag sin.