5 d'fhreagair sé: “Agus is mise, mar fhlaith ar talamh, a ordaíonn daoibh airm a ghlacadh agus gnó an rí a chur i gcrích.” Ach mar sin féin níor éirigh leis a bheartas gráiniúil a chur i bhfeidhm.
6 Le barr uabhair agus sotail, bhí sé beartaithe ag Niocánór carn poiblí bua a thógáil leis an gcreach a ghabhfaí ó Iúdás agus óna chuid fear.
7 Ach níor bhog an Macabaech ach é lán de mhuinín agus de dhóchas go dtiocfadh cabhair chuige ón Tiarna.
8 Thug sé misneach dá chuid fear gan eagla a bheith orthu roimh ionsaithe na ngintlithe, ach cuimhneamh ar an gcabhair a tháinig chucu ó neamh san am a bhí thart, agus a bheith ag súil an uair sin leis an mbua a thabharfadh an tUilechumhachtach dóibh.
9 Thug sé ardú meanman dóibh le cabhair an dlí agus na bhfáithe, chuir sé i gcuimhne dóibh na cathanna a bhuaigh siad, agus d'adhain díograis bhreise ina gcroí.
10 Nuair a bhí a misneach múscailte aige, thug sé a chuid orduithe, agus feall na ngintlithe agus a mídhílseacht dá mionna á gcur ar a súile dóibh.
11 Ní hí an tsábháilteacht a ghabhann le sciatha agus sleánna a thug sé mar arm do gach duine díobh, ach an misneach a ghineann briathra uaisle. Agus mhúscail sé meanma gach duine le brionglóid - nó faoi mar a bheadh fís - ar a raibh craiceann na fírinne, a aithris.