1 Tá sé le fáil sna cáipéisí gur ordaigh Irimia don mhuintir a bhí á ndíbirt cuid den tine a bhreith leo mar atá ráite,
2 agus tar éis dó an dlí a thabhairt dóibh, gur ordaigh seisean, an fáidh, dóibh gan dearmad a dhéanamh ar aitheanta an Tiarna agus gan dul ar seachrán aigne nuair a d'fheicfidís na dealbha óir agus airgid agus a maise.
3 Thug sé gríosadh dóibh gan an dlí a lígean ar fán óna gcroí agus treoracha eile nach é.
4 Tá sé ar phár chomh maith go bhfuair an fáidh rabhadh ó oracal agus gur thug sé ordú an bhoth agus an áirc a sheoladh leis agus go ndeachaigh sé suas ar an gcnoc mar a ndeachaigh Maois agus go bhfaca sé oidhreacht Dé.