15 Má tá aon chuid díobh de dhíth oraibh, cuirigí daoine chugainn le cóipeanna díobh a fháil daoibh.
16 Táimid ag scríobh chugaibh dá bhrí sin agus sinn ar tí féile an íonghlanta a chomóradh; déanaigí, le bhur dtoil, na laethanta sin a chomóradh.
17 Is é Dia a d'fhuascail a phobal go léir agus a thug ar ais do chách an oidhreacht agus an flaitheas, agus an tsagartacht, agus an naofacht,
18 faoi mar a gheall sé tríd an dlí. Óir tá sé de mhuinín againn i nDia go ndéanfaidh sé trócaire orainn gan mhoill, agus go gcruinneoidh sé sinn ó gach áit faoin spéir isteach san áit naofa, mar d'fhuascail sé sinn as ainnisí móra agus d'íonghlan sé an Teampall.
19 Scéal Iúdáis Mhacabaeigh agus a dheartháireacha, íonghlanadh an Teampaill mhóir, coisreacan na haltóra,
20 na cogaí in aghaidh Aintíochas Eipifeanaes agus a mhic Eopatór,
21 na taispeántais a tugadh ó neamh le misneach a thabhairt don mhuintir a bhí ag troid go cróga ar son an Ghiúdachais i dtreo, dá laghad é a líon, gur ghabh siad an tír ar fad agus gur chuir siad an teitheadh ar shluaite na ngintlithe,