22 gur ghnóthaigh siad ar ais an Teampall atá faoi chlú ar fud an domhain, gur shaor siad an chathair, gur athnuaigh siad na dlíthe a bhí ar tí a gcur ar ceal, agus an Tiarna go fabhrach dóibh le barr cneastachta -
23 déanfaimid iarracht ar an méid sin go léir a insint go hachomair in aon leabhar amháin cé go bhfuil sé inste i gcúig leabhar ag Iásón ó Chiréiné.
24 Toisc an raidhse figiúirí agus an deacracht a bhaineann leis don mhuintir ar mian leo dul i ngleic le cáipéisí staire de bharr iomadúlacht an ábhair,
25 bhí sé d'aidhm againn taitneamh a thabhairt don mhuintir nach bhfuil uathu ach ábhar léitheoireachta, áis a dhéanamh don dream ar mian leo nithe a chur de ghlanmheabhair, agus comaoin a chur ar ár lucht léite go léir.
26 Níorbh aon obair gan dua ach saothar allais agus beagshuain dúinne an coimriú seo a ghabhamar orainn féin,
27 faoi mar nach aon dóichín é do dhuine fleá a ullmhú agus freastal ar mhianta gach duine. D'fhonn buíochas mórán a thuilleamh, áfach, táimid sásta an saothar guaisiúil seo a ghabháil orainn féin;
28 fágaimid cruinneas na mionseoraí faoin staraí, agus déanfaimid ár ndícheall na himlínte a dhearadh san achoimre seo.