29 Bíonn ailtire tí nua freagrach san fhoirgneamh ina iomláine, ach an té a bhíonn i bhfeighil a phéinteála agus a mhaisithe, ní gá dó ach cúram a dhéanamh de cad a d'oirfeadh dá mhaisiú; is é an dála céanna againne é i mo thuairimse.
30 Is é gnó an staraí bhunaidh an t‑ábhar go léir a thógáil idir lámha, nithe a iniúchadh ó gach taobh, agus cúram a dhéanamh de na mionsonraí.
31 Ach an té a dhéanann athchóiriú ar an scéal ní miste dó féachaint le bheith achomair ina insint agus tráchtaireacht chaolchúiseach a sheachaint.
32 Cuirimis tús lenár n‑insint anois dá bhrí sin, gan breis a chur lena bhfuil ráite, mar is baoth an gnó é fad a chur le réamhrá na staire, agus an stair féin a ghiorrú.