4 Tá sé ar phár chomh maith go bhfuair an fáidh rabhadh ó oracal agus gur thug sé ordú an bhoth agus an áirc a sheoladh leis agus go ndeachaigh sé suas ar an gcnoc mar a ndeachaigh Maois agus go bhfaca sé oidhreacht Dé.
5 Nuair a tháinig sé ansiúd fuair sé pluais chónaithe ann, agus thug sé isteach inti an bhoth, an áirc, agus altóir na túise agus ansin dhún sé an béal go daingean.
6 Tháinig cuid dá lucht leanúna aníos chun an tslí a mharcáil, ach chuaigh díobh í a fháil.
7 Nuair a chuala Irimia ina thaobhsan, rinne sé ceartú orthu agus dúirt: “Ní bheidh fios na háite ag an duine nó go mbaileoidh Dia a phobal le chéile arís agus a thrócaire a thaispeáint [dóibh].
8 Ansin déanfaidh an Tiarna na nithe sin go léir a fhoilsiú agus feicfear glóir an Tiarna agus an néal faoi mar a thaibhsigh le linn Mhaois, agus nuair a ghuigh Solamh go ndéanfaí an áit a naomhú go héachtach.”
9 Cuireadh in iúl freisin gur ofráil Solamh le barr gaoise íobairt choisricthe agus chríochnaithe an Teampaill.
10 Faoi mar a ghuigh Maois chun Dé agus gur tháinig tine anuas ó neamh, agus gur dhóigh sí na híobairtí, ghuigh Solamh sa tslí chéanna agus tháinig tine anuas agus loisc sí na híobairtí dóite ar fad.