8 Ansin déanfaidh an Tiarna na nithe sin go léir a fhoilsiú agus feicfear glóir an Tiarna agus an néal faoi mar a thaibhsigh le linn Mhaois, agus nuair a ghuigh Solamh go ndéanfaí an áit a naomhú go héachtach.”
9 Cuireadh in iúl freisin gur ofráil Solamh le barr gaoise íobairt choisricthe agus chríochnaithe an Teampaill.
10 Faoi mar a ghuigh Maois chun Dé agus gur tháinig tine anuas ó neamh, agus gur dhóigh sí na híobairtí, ghuigh Solamh sa tslí chéanna agus tháinig tine anuas agus loisc sí na híobairtí dóite ar fad.
11 Dúirt Maois: “De bhrí nár itheadh an íobairt pheaca is ea rinneadh í a ídiú.”
12 Cheiliúir Solamh an fhéile ar an tslí chéanna ar feadh ocht lá.
13 Cuireadh na nithe céanna ar phár sna hannála agus i gcuimhní cinn Nihimiá, agus gur bhunaigh sé leabharlann, agus go ndearna sé bailiúchán de na leabhair faoi na ríthe agus na fáithe, de scríbhinní Dháiví agus de litreacha na ríthe faoi ofrálacha móideacha.
14 Rinne Iúdás ar an gcuma chéanna bailiúchán de na leabhair a bhí scaipthe de bharr an chogaidh dhéanaigh a tháinig orainn, agus tá siad anois inár seilbh.