1 Bhí an chathair naofa á háitreabh i síocháin choiteann, agus bhí na dlíthe á gcomhlíonadh chomh foirfe agus ab fhéidir de bharr chráifeacht an ardsagairt Oinias agus a fhuath don choirpeacht;
2 agus is amhlaidh a bhí na ríthe féin ag tabhairt urraime don áit naofa agus ag cur le glóir an Teampaill le togha na dtabhartas.
3 Rinne fiú Seiliúcas rí na hÁise na costais a bhain le seirbhís na n‑íobairtí a íoc as a theacht isteach féin.
4 Ach Síomón áirithe de threibh Bhiniáimin, a bhí ceaptha ina reachtaire ar an Teampall, d'éirigh idir é agus an t‑ardsagart faoi reachtáil mhargadh na cathrach.
5 Nuair a theip air Oinias a shárú, d'imigh leis go Apollóinias mhic Thairséas a bhí faoin am sin ina cheannasaí ar Choíle Síre agus ar Fhéinícia,
6 agus thug mar scéala dó go raibh an ciste in Iarúsailéim ag cur thar maoil le hairgead, go raibh an oiread sin síntiús á dtabhairt nach raibh áireamh ar an iomlán, agus nár bhain sé le cuntas na n‑íobairtí ach gurbh fhéidir é a theacht faoi smacht an rí.
7 Bhuail Apollóinias leis an rí agus d'inis sé dó faoin airgead a raibh cloiste aige faoi. Thogh an rí Héiliodóras, a sheansailéir, agus sheol é le treoracha leis an airgead a luamar a bhreith chun siúil.