15 Chaith na sagairt iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla os comhair na haltóra agus a n‑éidí sagairt orthu, agus ghlaodar chun neimhe ar údar an dlí faoi na taiscí, á impí air iad a choimeád slán do lucht a dtaiscthe.
16 Ba ghoin go croí féachaint ar an ardsagart, agus a bhuairt aigne á nochtadh san athrú ina dhreach agus ina chuntanós.
17 Ghabh eagla agus ballchrith chomh mór sin an fear go mba léir don mhuintir a chonaic é cad é buaireamh a luigh ar a chroí.
18 Rinne na daoine ruathar as a dtithe ina sluaite agus é ar aigne acu impí choiteann a dhéanamh mar go raibh masla á bhagairt ar an áit naofa.
19 Bhí mná ag brúchtaíl ar fud na sráideanna agus éadach róin faoina gcíocha orthu. An méid de na maighdeana a bhí á gcoimeád istigh, ritheadar le chéile, cuid acu chun na ndoirse, cuid eile acu chun ballaí na cathrach, agus bhí a thuilleadh acu ag gliúcaíl trí na fuinneoga;
20 bhí a lámha sínte i dtreo na bhflaitheas acu go léir agus iad ag impí.
21 Ba thruamhéileach an rud é an pobal go léir a fheiceáil á gcaitheamh féin ar an talamh agus an buaireamh a bhí ar an ardsagart le teann imní.