18 Rinne na daoine ruathar as a dtithe ina sluaite agus é ar aigne acu impí choiteann a dhéanamh mar go raibh masla á bhagairt ar an áit naofa.
19 Bhí mná ag brúchtaíl ar fud na sráideanna agus éadach róin faoina gcíocha orthu. An méid de na maighdeana a bhí á gcoimeád istigh, ritheadar le chéile, cuid acu chun na ndoirse, cuid eile acu chun ballaí na cathrach, agus bhí a thuilleadh acu ag gliúcaíl trí na fuinneoga;
20 bhí a lámha sínte i dtreo na bhflaitheas acu go léir agus iad ag impí.
21 Ba thruamhéileach an rud é an pobal go léir a fheiceáil á gcaitheamh féin ar an talamh agus an buaireamh a bhí ar an ardsagart le teann imní.
22 Fad a bhíodar ag glaoch ar an Tiarna uilechumhachtach na taiscí a chumhdach le barr sábháilteachta do lucht a dtaiscthe,
23 chuaigh Héiliodóras i mbun an ghnó a bhí ceaptha.
24 Nuair a shroich sé an ciste lena gharda cosanta, rinne Tiarna na spiorad agus na cumhachta a leithéid de thaispeántas gur chuir cumhacht Dé scéin ar an muintir go léir a raibh sé de dhánaíocht acu dul leis, agus gur tháinig scanradh agus uafás orthu.