27 Thit sé ar an talamh go tobann agus tháinig néal dorcha air; ansin d'ardaigh a chuid fear é agus chuir ar eileatram é,
28 agus rug leo é - an fear céanna seo a ghabh isteach sa chiste, a luamar, lena lucht coimhdeachta líonmhar agus lena gharda cosanta go léir, ach nárbh fhéidir dó cabhrú leis féin anois; d'admhaigh siad go hoscailte cumhacht mhullaigh Dé.
29 Bhí Héiliodóras ar lár gan urlabhra gan aon súil lena théarnamh de bharr lámh Dé a luí air,
30 agus na Giúdaigh ag moladh an Tiarna a thug glóir go míorúilteach dá áit naofa féin. An Teampall a bhí ó chianaibhín lán de scanradh agus de bhuaireamh, bhí sé anois ar sceith le háthas agus le lúcháir mar gur thaibhsigh an Tiarna uilechumhachtach.
31 D'impigh cuid de chompánaigh Héiliodóras gan mhoill ar Oinias glaoch ar an Té is Airde agus fad saoil a thabhairt don duine úd agus é ar an dé deiridh.
32 Bhí eagla ar an ardsagart go mbeadh an rí in amhras go raibh feall éigin déanta ag na Giúdaigh ar Héiliodóras agus d'ofráil sé íobairt ar mhaithe lena shláinte.
33 Nuair a bhí an t‑ardsagart ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh, thaibhsigh na fir chéanna arís do Héiliodóras, an éide chéanna orthu, agus iad ina seasamh taobh leis. Dúirt siad: “Bíodh an-bhuíochas agat don ardsagart Oinias mar is ar a shonsan a bhronn an Tiarna fad saoil ort.