33 Nuair a bhí an t‑ardsagart ag comhlíonadh ghnás an leorghnímh, thaibhsigh na fir chéanna arís do Héiliodóras, an éide chéanna orthu, agus iad ina seasamh taobh leis. Dúirt siad: “Bíodh an-bhuíochas agat don ardsagart Oinias mar is ar a shonsan a bhronn an Tiarna fad saoil ort.
34 Agus ós rud é gur sciúrsáladh ó neamh thú, fógair don saol mór cumhacht ghlórmhar Dé.” Nuair a bhí an méid sin ráite acu d'imíodar as radharc.
35 D'ofráil Héiliodóras íobairt don Tiarna ansin, rinne móideanna móra do chaomhnóir a anama, d'fhág slán ag Oinias, agus chuir chun bealaigh ar ais go dtí an rí lena armáil.
36 Thug sé fianaise os ard do chách ar ghníomhartha Dé mhóir a chonaic sé lena shúile cinn.
37 Nuair a d'fhiafraigh an rí de Héiliodóras cén sort duine a d'oirfeadh a chur go Iarúsailéim turas eile, d'fhreagair sé:
38 “Má tá namhaid agat, nó duine atá ag déanamh ceilge in aghaidh do rialtais, cuir ann é; agus fillfidh sé ar ais ort, agus sciúrsáil chruthaithe faighte aige, má thugann sé na cosa leis ar aon chor, mar is cinnte go bhfuil cumhacht éigin ó Dhia timpeall na háite sin.
39 An té a bhfuil a áitreabh sna flaithis, is cinnte go bhfuil súil aige ar an áit sin agus tagann sé i gcabhair air, agus leagann ar lár agus scriosann an mhuintir a thagann le hurchóid a dhéanamh dó.”