4 Ach Síomón áirithe de threibh Bhiniáimin, a bhí ceaptha ina reachtaire ar an Teampall, d'éirigh idir é agus an t‑ardsagart faoi reachtáil mhargadh na cathrach.
5 Nuair a theip air Oinias a shárú, d'imigh leis go Apollóinias mhic Thairséas a bhí faoin am sin ina cheannasaí ar Choíle Síre agus ar Fhéinícia,
6 agus thug mar scéala dó go raibh an ciste in Iarúsailéim ag cur thar maoil le hairgead, go raibh an oiread sin síntiús á dtabhairt nach raibh áireamh ar an iomlán, agus nár bhain sé le cuntas na n‑íobairtí ach gurbh fhéidir é a theacht faoi smacht an rí.
7 Bhuail Apollóinias leis an rí agus d'inis sé dó faoin airgead a raibh cloiste aige faoi. Thogh an rí Héiliodóras, a sheansailéir, agus sheol é le treoracha leis an airgead a luamar a bhreith chun siúil.
8 Chuir Héiliodóras chun bealaigh gan mhoill le fiosrú a dhéanamh, mar dhea, ar chathracha Choíle Síre agus Féinícia, ach dáiríre d'fhonn cuspóir an rí a chur i gcrích.
9 Tar éis dó Iarúsailéim a bhaint amach agus fáilte fhial a fháil ón ardsagart [agus ón] gcathair, d'inis sé cén scéala a fuarthas agus nocht dá réir sin cad a thug ann é agus d'fhiafraigh an mar sin a bhí dáiríre.
10 Mhínigh an t‑ardsagart go raibh ciste áirithe curtha i leataobh do bhaintreacha agus do dhílleachtaí,