7 Bhuail Apollóinias leis an rí agus d'inis sé dó faoin airgead a raibh cloiste aige faoi. Thogh an rí Héiliodóras, a sheansailéir, agus sheol é le treoracha leis an airgead a luamar a bhreith chun siúil.
8 Chuir Héiliodóras chun bealaigh gan mhoill le fiosrú a dhéanamh, mar dhea, ar chathracha Choíle Síre agus Féinícia, ach dáiríre d'fhonn cuspóir an rí a chur i gcrích.
9 Tar éis dó Iarúsailéim a bhaint amach agus fáilte fhial a fháil ón ardsagart [agus ón] gcathair, d'inis sé cén scéala a fuarthas agus nocht dá réir sin cad a thug ann é agus d'fhiafraigh an mar sin a bhí dáiríre.
10 Mhínigh an t‑ardsagart go raibh ciste áirithe curtha i leataobh do bhaintreacha agus do dhílleachtaí,
11 agus airgead chomh maith a bhain le Hiorcánas mac Thóibias, fear a bhí in ardghradam, ach nach raibh ann in iomláine ach ceithre chéad tallann airgid agus dhá chéad tallann óir murab ionann agus a ndúirt Síomón coirpeach go bréagach.
12 Dúirt sé freisin go raibh sé as an áireamh éagóir a dhéanamh orthu siúd a chuir a muinín i naofacht na háite agus i mbeannaitheacht agus i dtearmann an Teampaill atá faoi urraim ar fud an domhain mhóir.
13 Ach dúirt Héiliodóras nár mhór, cibé scéal é, an t‑airgead sin a ghabháil do chiste an rí de bharr na dtreoracha a bhí aige ón rí.