9 Tar éis dó Iarúsailéim a bhaint amach agus fáilte fhial a fháil ón ardsagart [agus ón] gcathair, d'inis sé cén scéala a fuarthas agus nocht dá réir sin cad a thug ann é agus d'fhiafraigh an mar sin a bhí dáiríre.
10 Mhínigh an t‑ardsagart go raibh ciste áirithe curtha i leataobh do bhaintreacha agus do dhílleachtaí,
11 agus airgead chomh maith a bhain le Hiorcánas mac Thóibias, fear a bhí in ardghradam, ach nach raibh ann in iomláine ach ceithre chéad tallann airgid agus dhá chéad tallann óir murab ionann agus a ndúirt Síomón coirpeach go bréagach.
12 Dúirt sé freisin go raibh sé as an áireamh éagóir a dhéanamh orthu siúd a chuir a muinín i naofacht na háite agus i mbeannaitheacht agus i dtearmann an Teampaill atá faoi urraim ar fud an domhain mhóir.
13 Ach dúirt Héiliodóras nár mhór, cibé scéal é, an t‑airgead sin a ghabháil do chiste an rí de bharr na dtreoracha a bhí aige ón rí.
14 Shocraigh sé lá don ghnó dá bhrí sin agus chuaigh isteach le maoirseacht a dhéanamh ar an maoin á hiniúchadh. Bhí corrabhuais ar an gcathair go léir.
15 Chaith na sagairt iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla os comhair na haltóra agus a n‑éidí sagairt orthu, agus ghlaodar chun neimhe ar údar an dlí faoi na taiscí, á impí air iad a choimeád slán do lucht a dtaiscthe.