1 Síomón, an té a luamar cheana a sceith ar an gciste [agus ar] a mhuintir féin, rinne sé tromaíocht ar Oinias á rá gurbh eisean a rinne Héiliodóras a ghriogadh agus gurbh é faoi deara na tubaistí iontacha.
2 Bhí sé de dhánaíocht i Síomón anois an fear seo a chuir an oiread sin comaoin ar an gcathair, a chosain a mhuintir féin, a bhí díograiseach ar son an dlí, a ainmniú mar namhaid don mhaith choiteann.
3 Mhéadaigh ar an naimhdeas seo chomh mór sin go raibh fiú dúnmharaithe á ndéanamh ag duine de ghníomhairí Shíomóin.
4 Thuig Oinias a mhailísí a bhí an t‑aighneas seo agus go raibh Apollóinias mac Mhineastaes, ceannasaí Choíle Síre agus na Féinícia, ag cur le hurchóid Shíomóin.