10 Nuair a d'aontaigh an rí agus gur tháinig [Iásón] i gcumhacht, chrom sé ar a chomhthírigh a thabhairt isteach ar an modh beatha Heilléanach.
11 Chuir sé ar ceal na lámháltais a bhí ag na Giúdaigh ag an am ón rí, lámhaltais a deonaíodh trí Eoin mac Eopolamos, fear a chuaigh ar thoscaireacht le cairdeas agus conradh a dhéanamh leis na Rómhánaigh; scrios sé an bhéascna dhleathach agus thug sé isteach nósanna nua a bhí bunoscionn leis an dlí.
12 Ní raibh aon mhoill air fiú giomnáisiam a thógáil faoi bhun an Dúnfoirt agus an hata leathan a chur á chaitheamh ag togha na n‑ógánach.
13 Níorbh aon ardsagart é Iásón ach coirpeach, agus ní raibh aon teorainn lena ropaireacht, i dtreo go ndeachaigh an heilléanú agus an aithris ar bhéasa iasachta chomh fada sin,
14 nach raibh spéis a thuilleadh ag na sagairt i seirbhísí na haltóra. Le beagmheas ar an sanctóir, thug siad cúl leis na híobairtí le fonn a bheith páirteach sna cleachtaí mídhleathacha ar fhaiche na hiomrascála a luaithe is a ghlaoití chun an dioscais.
15 Ba bheag é a meas ar na gradaim ar a raibh urraim ag a sinsir, ach bhí ardmheas acu ar chéimeanna onóra na Heilléanach.
16 Ach thug sé sin go léir an tubaiste sa mhullach orthu, agus an dream a raibh an oiread sin meas acu ar a mbéasa is ar a saol, agus gurbh fhonn leo aithris a dhéanamh orthu i ngach slí, is iad a bhí acu mar naimhde agus mar ghéarleantóirí.