15 Ba bheag é a meas ar na gradaim ar a raibh urraim ag a sinsir, ach bhí ardmheas acu ar chéimeanna onóra na Heilléanach.
16 Ach thug sé sin go léir an tubaiste sa mhullach orthu, agus an dream a raibh an oiread sin meas acu ar a mbéasa is ar a saol, agus gurbh fhonn leo aithris a dhéanamh orthu i ngach slí, is iad a bhí acu mar naimhde agus mar ghéarleantóirí.
17 Óir ní aon dóichín é na dlíthe diaga a mhaslú, rud a nochtfaidh an ré atá romhainn.
18 Le linn na gcluichí cúig bliana sa Tuír, agus an rí i láthair,
19 chuir Iásón suarach saoránaigh Aintíochaigh thofa mar thoscairí oifigiúla ó Iarúsailéim, le trí chéad drachma airgid don íobairt do Earcail. Ach an mhuintir a bhí ag iompar an airgid, shíl siad nár chóir é a chaitheamh ar an íobairt, rud nár chuí, ach é a chaitheamh ar ghnó éigin eile.
20 An t‑airgead seo dá bhrí sin a bhí ar aigne ag an té a sheol é a chaitheamh leis an íobairt d'Earcail, cuireadh ansin le tógail tríréimí é mar a bheartaigh an mhuintir a rinne é a iompar.
21 Nuair a cuireadh Apollóinias mac Mhineastaes go dtí an Éigipt le bheith i láthair ag corónú an rí Fiolomaetór, fuair Aintíochas amach go raibh [Fiolomaetór] éirithe naimhdeach lena cheannas agus chrom sé ar a bheith ag déanamh cúraim dá shlándáil féin. Ar shroicheadh Iopa dó, dá bhrí sin, ghabh sé ar aghaidh go Iarúsailéim.