23 Tar éis trí bliana chuir Iásón uaidh Meanalás, deartháir do Shíomón a luamar, chun an t‑airgead a thabhairt don rí agus a shocruithe faoina lán nithe tábhachtacha a ráthú.
24 Ach nuair a tugadh eisean i láthair an rí rinne sé é féin a iompar chomh bladarach móréiseach cumhacht sin, gur bhain sé amach an ardsagartacht dó féin, agus trí chéad tallann airgid de bhreis á ofráil aige thar mar a bhí ag Iásón.
25 D'fhill seisean agus údarás an rí aige, ach gan aon cháilíocht le haghaidh na hardsagartachta aige, ach drochmhianach tíoránaigh chruálaigh agus cuthach ainmhí allta.
26 Iásón, fear a chantáil ar a dheartháir, chantáil fear eile anois air féin, agus tiomáineadh mar dhíbeartach é isteach i gcríocha Amón.
27 Maidir le Meanalás, d'fhan sé san oifig, ach níor dhíol sé aon chuid den airgead a gealladh don rí go rialta,
28 cé go mbíodh Sóstrátas, ceann feadhna an Dúnfoirt, arbh é a chúram na dleachta a bhailiú, ag éileamh díolacháin. Glaodh orthu araon dá bharrsan i láthair an rí.
29 D'fhág Meanalás a dheartháir féin Lisimeachas ina dhiaidh mar leas-ardsagart, agus d'fhág Sóstrátas Crátaes ceannaire na gCipireach ina áit sin.