28 cé go mbíodh Sóstrátas, ceann feadhna an Dúnfoirt, arbh é a chúram na dleachta a bhailiú, ag éileamh díolacháin. Glaodh orthu araon dá bharrsan i láthair an rí.
29 D'fhág Meanalás a dheartháir féin Lisimeachas ina dhiaidh mar leas-ardsagart, agus d'fhág Sóstrátas Crátaes ceannaire na gCipireach ina áit sin.
30 Fad a bhí na nithe sin go léir ar siúl, rinne muintir Thairsís agus Mhallas ceannairc mar gur tugadh a gcathracha mar bhronntanas do Aintíochais bean luí an rí.
31 D'imigh an rí leis faoi dheifir chun an scéal a leigheas, agus d'fhág sé Andronacas, fear ardghradaim, le bheith mar fhear ionaid aige.
32 Thapaigh Meanalás ar a dheis, mar a shíl sé, agus ghoid sé cuid d'árais óir an Teampaill agus bhronn sé ar Andronacas iad; agus dhíol sé a thuilleadh leis an Tuír agus leis na cathracha máguaird.
33 Nuair a fuair Oinias fianaise chinnte ar an méid sin, chuaigh sé i leataobh go tearmann láimh le Dafnae i gcóngar Aintíoch agus ansin d'fhógair sé an scéal don saol mór.
34 Ghlaoigh Meanalás i leataobh ar Andronacas dá bhrí sin agus ghriog é chun Oinias a chur chun báis. Chuaigh [Andronacas] go hOinias, agus le barr fill thug briathra móide agus a lámh dheas mar ghealltanas dó agus d'áitigh air teacht as a thearmann d'ainneoin a amhrais; ansin chuir sé chun báis ar an toirt é, gan aird ar an gcóir.