3 Mhéadaigh ar an naimhdeas seo chomh mór sin go raibh fiú dúnmharaithe á ndéanamh ag duine de ghníomhairí Shíomóin.
4 Thuig Oinias a mhailísí a bhí an t‑aighneas seo agus go raibh Apollóinias mac Mhineastaes, ceannasaí Choíle Síre agus na Féinícia, ag cur le hurchóid Shíomóin.
5 D'imigh sé leis ar thuairisc an rí dá bhrí sin, ach ní d'fhonn a mhuintir féin a ghearán ach ar mhaithe leis an bpobal ar fad go poiblí agus go príobháideach.
6 Mar tuigeadh dó, gan an rí a chur ladair sa ghnó, nárbh fhéidir nithe a riar go síochánta go deo agus nach scoirfeadh Síomón dá bhaois.
7 Tar éis bháis do Sheiliúcas agus Aintíochas ar a dtugtaí Eipifeanaes a theacht i gcomharbacht air sa ríocht, fuair Iásón, deartháir Oinias, an ardsagartacht trí chaimiléireacht;
8 chuaigh sé i láthair an rí agus gheall sé trí chéad agus a seasca tallann airgid dó agus ochtó tallann as foinse éigin eile ioncaim.
9 Gheall sé ina theanntasan go ndíolfadh sé céad go leith eile dá gceadófaí dó feidhm a bhaint as a údarás le giomnáisiam agus gasra ógra a bhunú, agus fir Iarúsailéim a chlárú mar Aintíochaigh.