2 Macabaech 4:33-39 ABN

33 Nuair a fuair Oinias fianaise chinnte ar an méid sin, chuaigh sé i leataobh go tearmann láimh le Dafnae i gcóngar Aintíoch agus ansin d'fhógair sé an scéal don saol mór.

34 Ghlaoigh Meanalás i leataobh ar Andronacas dá bhrí sin agus ghriog é chun Oinias a chur chun báis. Chuaigh [Andronacas] go hOinias, agus le barr fill thug briathra móide agus a lámh dheas mar ghealltanas dó agus d'áitigh air teacht as a thearmann d'ainneoin a amhrais; ansin chuir sé chun báis ar an toirt é, gan aird ar an gcóir.

35 Dá bharrsan bhí uafás agus míshásamh ní amháin ar na Giúdaigh ach ar a lán de na náisiún eile chomh maith de bharr bású éagórach an duine seo.

36 Nuair a d'fhill an rí ó chríocha na Siléise rinne na Giúdaigh sa chathair, agus na Gréagaigh ar chomghráin leo an choir, achainí air faoi mharú gan chiall Oinias.

37 Bhí buaireamh croí ar Aintíochas agus é lán de thrua agus ghoil sé de bharr mheasarthacht agus dhea-iompar an mhairbh.

38 Tháinig cuthach feirge air, bhain an fhallaing chorcra d'Andronacas, srac de a éide, agus sheol ar fud na cathrach go léir é chun na háite céanna díreach inar leag sé lámh dhearg aindiagaithe ar Oinias agus mharaigh sé an dúnmharathóir ansiúd. Ar an gcuma sin chúitigh an Tiarna é leis an bpionós a bhí tuillte aige.

39 Bhí a lán coireanna diamhaslacha déanta sa chathair ag Lisimeachas le cúlchead Mheanalás, agus nuair a leath faisnéis fúthu i measc na ndaoine, d'éirigh an pobal amach in aghaidh Lisimeachas, mar bhí mórán de na hárais óir goidte cheana féin aige.