38 Tháinig cuthach feirge air, bhain an fhallaing chorcra d'Andronacas, srac de a éide, agus sheol ar fud na cathrach go léir é chun na háite céanna díreach inar leag sé lámh dhearg aindiagaithe ar Oinias agus mharaigh sé an dúnmharathóir ansiúd. Ar an gcuma sin chúitigh an Tiarna é leis an bpionós a bhí tuillte aige.
39 Bhí a lán coireanna diamhaslacha déanta sa chathair ag Lisimeachas le cúlchead Mheanalás, agus nuair a leath faisnéis fúthu i measc na ndaoine, d'éirigh an pobal amach in aghaidh Lisimeachas, mar bhí mórán de na hárais óir goidte cheana féin aige.
40 Bhí an slua ag bagairt agus ag borradh le fearg agus chuir Lisimeachas airm i lámha timpeall trí mhíle fear agus rinne ionsaí éagórach faoi cheannas Auranas áirithe, fear a bhí anonn sa bhaois faoi mar a bhí san aois.
41 Nuair a thug [na Giúdaigh] ionsaí Lisimeachas faoi deara, rug cuid acu ar chlocha, a thuilleadh ar bhloic adhmaid, a thuilleadh ar luaithreach a bhí timpeall agus chaith na nithe sin go léir le Lisimeachas agus a chuid fear ina rúille búille.
42 B'í críoch a bhí leis sin ná gur ghoineadar a lán acu, gur mharaíodar a thuilleadh, agus gur chuireadar an teitheadh orthu go léir, agus gur mharaíodar creachaire an Teampaill féin lámh leis an gciste.
43 Cuireadh an dlí ar Mheanalás i dtaobh na heachtra seo.
44 Nuair a tháinig an rí chun na Tuíre, chuir triúr, a sheol an seanad, an cás in iúl ina láthair.