7 Tar éis bháis do Sheiliúcas agus Aintíochas ar a dtugtaí Eipifeanaes a theacht i gcomharbacht air sa ríocht, fuair Iásón, deartháir Oinias, an ardsagartacht trí chaimiléireacht;
8 chuaigh sé i láthair an rí agus gheall sé trí chéad agus a seasca tallann airgid dó agus ochtó tallann as foinse éigin eile ioncaim.
9 Gheall sé ina theanntasan go ndíolfadh sé céad go leith eile dá gceadófaí dó feidhm a bhaint as a údarás le giomnáisiam agus gasra ógra a bhunú, agus fir Iarúsailéim a chlárú mar Aintíochaigh.
10 Nuair a d'aontaigh an rí agus gur tháinig [Iásón] i gcumhacht, chrom sé ar a chomhthírigh a thabhairt isteach ar an modh beatha Heilléanach.
11 Chuir sé ar ceal na lámháltais a bhí ag na Giúdaigh ag an am ón rí, lámhaltais a deonaíodh trí Eoin mac Eopolamos, fear a chuaigh ar thoscaireacht le cairdeas agus conradh a dhéanamh leis na Rómhánaigh; scrios sé an bhéascna dhleathach agus thug sé isteach nósanna nua a bhí bunoscionn leis an dlí.
12 Ní raibh aon mhoill air fiú giomnáisiam a thógáil faoi bhun an Dúnfoirt agus an hata leathan a chur á chaitheamh ag togha na n‑ógánach.
13 Níorbh aon ardsagart é Iásón ach coirpeach, agus ní raibh aon teorainn lena ropaireacht, i dtreo go ndeachaigh an heilléanú agus an aithris ar bhéasa iasachta chomh fada sin,