1 Rinne Aintíochas an dara ionradh ar an Éigipt timpeall an ama seo.
2 Ar feadh nach mór daichead lá tharla go raibh marcaigh in éidí óir le feiceáil ar cosa in airde tríd an spéir, díormaí lánarmtha le sleánna agus claimhte ar tarraingt,
3 buíonta marcach in eagar, ionsaithe agus frithionsaithe mar seo agus mar siúd, sciatha á dtógáil, sleánna ina gcipí, gathanna á scaoileadh, agus glioscarnach ó fhallaingí óir agus ó éidí de gach sórt.
4 Bhí gach duine ag guí, dá réir sin, gur rud éigin fónta a bheadh á thuar ag an taispeántas.
5 Nuair a leath ráfla bréagach go raibh Aintíochas marbh, thug Iásón leis míle fear nó breis agus thug sé ionsaí faoin gcathair go tobann. Nuair a tiomáineadh siar na saighdiúirí ó na ballaí agus gur gabhadh an chathair, geall leis, theith Meanalás chun an Dúnfoirt ar lorg dídine.
6 Ach lean Iásón air ag déanamh áir agus eirligh ar a chomhshaoránaigh, gan a thuiscint gur barr mí-áidh é bua a bhreith ar do mhuintir féin, ach á cheapadh go raibh sé ag cur suas trofaethe bua ar naimhde in áit bua ar a mhuintir féin.
7 Níor tháinig sé i gcumhacht, áfach, agus ní raibh ar deireadh aige ach aithis de bharr a cheilge, agus theith sé arís go críocha na nAmónach.