15 Níor leor le hAintíochas an méid sin gan a bheith de dhánaíocht ann dul isteach sa Teampall is naofa ar domhan, faoi stiúir Mheanalás a raibh idir dhlíthe agus thír dhúchais braite aige.
16 Thóg sé leis na soithí naofa ina lámha coirpe; sciob sé chun siúil lena lámha míghlana na hofrálacha móide a rinne ríthe eile le honóir agus glóir a thabhairt don áit.
17 Bhí an oiread sin éirí in airde ar Aintíochas nár thug sé faoi deara gur fearg aonuaire a bhí ar an Tiarna le lucht na cathrach, agus nár thug sé aird dá bharrsan ar an áit naofa.
18 Ach dá mbeadh sé i gceist nach raibh siad i ngreim ag mórán peacaí, dhéanfaí an fear seo a sciúrsáil agus a iompú ar ais óna ghníomh baoth, dála Héiliodóras a sheol Seiliúcas rí leis an gciste a spiúnadh.
19 Ach níor thogh an Tiarna an pobal ar son na háite naofa ach an áit naofa ar son an phobail.
20 Uime sin bhí an áit féin páirteach sna tubaistí a bhain don phobal, agus bhí sé páirteach ina dhiaidh sin ina gconách; tréigeadh é le linn fhearg an Uilechumhachtaigh, ach athshuíodh in iomláine a ghlóire é nuair a rinneadh síocháin arís leis an ArdFhlaith.
21 Rug Aintíochas ocht gcéad déag tallann leis ón Teampall agus bhrostaigh leis go dtí Aintíoch; bhí an oiread sin éirí in airde air gur shíl sé go bhféadfadh sé seoladh ar talamh agus siúl ar muir bhí sé chomh huaillmhianach sin.