19 Ach níor thogh an Tiarna an pobal ar son na háite naofa ach an áit naofa ar son an phobail.
20 Uime sin bhí an áit féin páirteach sna tubaistí a bhain don phobal, agus bhí sé páirteach ina dhiaidh sin ina gconách; tréigeadh é le linn fhearg an Uilechumhachtaigh, ach athshuíodh in iomláine a ghlóire é nuair a rinneadh síocháin arís leis an ArdFhlaith.
21 Rug Aintíochas ocht gcéad déag tallann leis ón Teampall agus bhrostaigh leis go dtí Aintíoch; bhí an oiread sin éirí in airde air gur shíl sé go bhféadfadh sé seoladh ar talamh agus siúl ar muir bhí sé chomh huaillmhianach sin.
22 D'fhág sé gobharnóirí leis an bpobal a chiapadh - Pilib in Iarúsailéim; Frigeach eisean ó dhúchas, ach duine ba bharbara meon fiú ná an té a cheap é;
23 Andronacas i nGirizím; agus seachas iad san, Meanalás a bhí ag tiarnú ar a chomhshaoránaigh níos mó ná an chuid eile. De bharr a naimhdis leis na saoránaigh Ghiúdacha,
24 chuir Aintíochas Apollóinias, ceannasaí na Miseach, le harm dhá mhíle fichead fear agus d'ordaigh dó na haosánaigh go léir a mharú agus na mná agus na leanaí go léir a dhíol mar dhaoir.
25 Nuair a shroich an fear seo Iarúsailéim, lig sé air gurbh fhear síochána é agus d'fhan sé go dtí lá naofa na sabóide; ansin, nuair nach raibh na Giúdaigh ag obair, d'ordaigh sé dá chuid fear máirseáil in arm agus in éide.