22 D'fhág sé gobharnóirí leis an bpobal a chiapadh - Pilib in Iarúsailéim; Frigeach eisean ó dhúchas, ach duine ba bharbara meon fiú ná an té a cheap é;
23 Andronacas i nGirizím; agus seachas iad san, Meanalás a bhí ag tiarnú ar a chomhshaoránaigh níos mó ná an chuid eile. De bharr a naimhdis leis na saoránaigh Ghiúdacha,
24 chuir Aintíochas Apollóinias, ceannasaí na Miseach, le harm dhá mhíle fichead fear agus d'ordaigh dó na haosánaigh go léir a mharú agus na mná agus na leanaí go léir a dhíol mar dhaoir.
25 Nuair a shroich an fear seo Iarúsailéim, lig sé air gurbh fhear síochána é agus d'fhan sé go dtí lá naofa na sabóide; ansin, nuair nach raibh na Giúdaigh ag obair, d'ordaigh sé dá chuid fear máirseáil in arm agus in éide.
26 D'imir sé faobhar claímh ar gach duine a tháinig amach le hiad a fheiceáil agus ansin rinne sé ruathar isteach sa chathair lena fhir armtha agus mharaigh sé a lán daoine.
27 Ach d'éalaigh Iúdás Macabaech le naonúr eile amach faoin bhfásach, agus mhair sé féin agus a chompánaigh sna sléibhte ar nós na n‑ainmhithe allta, gan aon ní a ithe ach lusraí fiáine d'fhonn truailliú a sheachaint.