2 Macabaech 5:4-10 ABN

4 Bhí gach duine ag guí, dá réir sin, gur rud éigin fónta a bheadh á thuar ag an taispeántas.

5 Nuair a leath ráfla bréagach go raibh Aintíochas marbh, thug Iásón leis míle fear nó breis agus thug sé ionsaí faoin gcathair go tobann. Nuair a tiomáineadh siar na saighdiúirí ó na ballaí agus gur gabhadh an chathair, geall leis, theith Meanalás chun an Dúnfoirt ar lorg dídine.

6 Ach lean Iásón air ag déanamh áir agus eirligh ar a chomhshaoránaigh, gan a thuiscint gur barr mí-áidh é bua a bhreith ar do mhuintir féin, ach á cheapadh go raibh sé ag cur suas trofaethe bua ar naimhde in áit bua ar a mhuintir féin.

7 Níor tháinig sé i gcumhacht, áfach, agus ní raibh ar deireadh aige ach aithis de bharr a cheilge, agus theith sé arís go críocha na nAmónach.

8 Bhuail tubaiste é ar deireadh a chúrsa urchóide; cúisíodh os comhair Aratas, rialtóir na nArabach, é; theith sé ó chathair go cathair, agus cách ar a thóir; bhí an ghráin air mar cheannairceach in aghaidh na ndlíthe, agus an dearg-ghráin air mar fhear fionaíola ar a thír dhúchais agus ar a mhuintir féin; caitheadh i dtír san Éigipt é.

9 An té úd a thiomáin a lán chun deoraíochta óna dtír féin, fuair sé bás ar deoraíocht tar éis dó cur chun bealaigh chun na Lacadaemónach ag súil le dídean a fháil de bharr a ghaoil leo.

10 An té úd a chaith a lán corp amach le fágáil gan cur, fágadh é gan fear a chaointe, gan gnása adhlactha, gan áit i dtuama a shinsear.