8 Bhuail tubaiste é ar deireadh a chúrsa urchóide; cúisíodh os comhair Aratas, rialtóir na nArabach, é; theith sé ó chathair go cathair, agus cách ar a thóir; bhí an ghráin air mar cheannairceach in aghaidh na ndlíthe, agus an dearg-ghráin air mar fhear fionaíola ar a thír dhúchais agus ar a mhuintir féin; caitheadh i dtír san Éigipt é.
9 An té úd a thiomáin a lán chun deoraíochta óna dtír féin, fuair sé bás ar deoraíocht tar éis dó cur chun bealaigh chun na Lacadaemónach ag súil le dídean a fháil de bharr a ghaoil leo.
10 An té úd a chaith a lán corp amach le fágáil gan cur, fágadh é gan fear a chaointe, gan gnása adhlactha, gan áit i dtuama a shinsear.
11 Nuair a fuair an rí scéala faoinar tharla, thuig sé as go raibh ceannairc déanta ag Iúdáia. Tháinig fraoch feirge ar a chroí agus chuir sé chun bealaigh ón Éigipt agus ghabh sé an chathair de ruathar.
12 Ansin d'ordaigh sé dá shaighdiúirí gach duine dá mbuailfeadh leo a threascairt gan taise gan trócaire, agus ár a dhéanamh ar gach duine a theithfeadh abhaile.
13 Imríodh lámh dhearg ar óg agus ar aosta, rinneadh eirleach ar mhná agus ar leanaí, agus ár ar mhaighdeana agus ar naíonáin.
14 In imeacht trí lánlá scriosadh ochtó míle duine - básaíodh daichead míle i ngráscar lámh, agus díoladh mar dhaoir líon nár lú ná ar básaíodh.