2 Macabaech 7:1-7 ABN

1 Tharla gur gabhadh seachtar deartháireacha mar aon lena máthair. Rinne an rí iarracht a chur d'iallach orthu muiceoil a bhlaiseadh, rud atá coiscthe sa dlí. Céasadh le fuipeanna agus le sciúirsí iad.

2 Labhair duine acu thar ceann na ndaoine eile agus is é a dúirt sé: “Cad atá tú ag iarraidh a fháil amach uainn? Is fearr linn an bás ná dlíthe ár sinsear a bhriseadh.”

3 Tháinig fraoch feirge ar an rí agus d'ordaigh sé potaí agus coirí a théamh ar thine.

4 Téadh iadsan deargthe gan mhoill, agus ansin d'ordaigh sé teanga an urlabhraí a ghearradh as, a cheann a fheannadh, a ghéaga agus a chosa a ghearradh de os comhair súile a dheartháireacha eile agus a mháthar.

5 Nuair a bhí sé ar éidreoir amach is amach, d'ordaigh an rí é a bhreith chun na tine, agus an dé fós ann, agus é a róstadh i bpota. Leath an gal ón bpota ar fud an bhaill, ach bhí an mháthair agus na deartháireacha ag tabhairt misneach dá chéile bás a fháil go huasal agus á rá le chéile:

6 “Tá an Tiarna Dia ag faire orainn, agus tá trua aige dúinn go cinnte faoi mar a d'fhógair Maois ina laoi inar thug sé fianaise in aghaidh an phobail suas lena mbéal á rá: ‘beidh trua aige dá shearbhóntaí’.”

7 Nuair a bhí slán fágtha ag an gcéad deartháir leis an saol seo ar an gcuma sin, thug siad an dara duine díobh ar aghaidh le bheith mar sheó acu. Nuair a bhí idir chraiceann agus ghruaig stollta dá cheann acu, d'fhiafraíodar de: “An íosfaidh tú sula stolltar do chorp ó chéile géag ar ghéag?”