10 I ndiaidh an duine sin chuaigh siad go sultmhar i mbun an tríú deartháir. Nuair a iarradh air a theanga a chur amach, chuir sé amach láithreach í, agus shín sé amach a lámha go dána
11 á rá go huasal: “Ó neamh a fuair mé na géaga seo; ar son a dhlíthe is beag é mo mheas orthu; tá dóchas agam go bhfaighidh mé ar ais uaidh athuair iad.”
12 Bhain, dá bhrí sin, misneach an fhir óig agus a neamhshuim sa phionós stangadh as an rí agus a lucht freastail.
13 Nuair a bhí seisean marbh chomh maith, thug siad an céasadh brúidiúil céanna ar an gceathrú deartháir.
14 Nuair a bhí an bás ag teannadh leis labhair sé mar leanas: “Is fearr de rogha an bás a fhulaingt ó lámha daoine ach le muinín as gealltanas Dé go dtabharfadh seisean aiséirí dúinn; ach níl aon aiséirí chun na beatha i ndán daoibhse.”
15 Ansin thug siad an cúigiú duine i láthair agus chrom ar é a chéasadh.
16 Ach d'fhéach seisean ar [an rí] agus dúirt: “Tá cumhacht agat ar dhaoine, agus, cé gur daonna thú, is féidir duit déanamh mar is áil leat. Ach ná bí á mheas gur thréig Dia ár gcine.