14 Nuair a bhí an bás ag teannadh leis labhair sé mar leanas: “Is fearr de rogha an bás a fhulaingt ó lámha daoine ach le muinín as gealltanas Dé go dtabharfadh seisean aiséirí dúinn; ach níl aon aiséirí chun na beatha i ndán daoibhse.”
15 Ansin thug siad an cúigiú duine i láthair agus chrom ar é a chéasadh.
16 Ach d'fhéach seisean ar [an rí] agus dúirt: “Tá cumhacht agat ar dhaoine, agus, cé gur daonna thú, is féidir duit déanamh mar is áil leat. Ach ná bí á mheas gur thréig Dia ár gcine.
17 Lean ort agus feicfidh tú conas mar a chéasfaidh a chumhacht thréan thú féin agus do shíol.”
18 I ndiaidh an duine sin thug siad an séú duine i láthair. Nuair a bhí sé ar tí báis dúirt sé: “Ná cuir dallamullóg ort féin; tá na nithe seo á bhfulaingt againne de bharr ár bpeacaí in aghaidh ár nDé; is uafásach iad na nithe a tharla.
19 Ach ná bíse á mheas go rachaidh tú slán gan phionós de bhrí go ndearna tú iarracht ar chogadh a chur ar Dhia!”
20 Chruthaigh an mháthair ar fheabhas, agus tuilleann sí go mbeadh buanchuimhne uirthi, óir d'fhair sí bás a seachtar mac i gcaitheamh an aon lae amháin, agus d'fhulaing sí é sin go calma, mar gheall ar an dóchas a chuir sí sa Tiarna.