2 Macabaech 7:19-25 ABN

19 Ach ná bíse á mheas go rachaidh tú slán gan phionós de bhrí go ndearna tú iarracht ar chogadh a chur ar Dhia!”

20 Chruthaigh an mháthair ar fheabhas, agus tuilleann sí go mbeadh buanchuimhne uirthi, óir d'fhair sí bás a seachtar mac i gcaitheamh an aon lae amháin, agus d'fhulaing sí é sin go calma, mar gheall ar an dóchas a chuir sí sa Tiarna.

21 Leoga, is amhlaidh a mhisnigh sí gach duine acu i dteanga a sinsear. Bhí creideamh daingean uasal aici, agus bhí an chalmacht is dual don fhear mar thaca leis an stuaim is dual don bhean nuair a dúirt sí leo:

22 “Ní eol dom conas a tharla i mo bhroinn sibh; ní mise a chuir anam agus beatha ionaibh ná ní mise a chum gach ball de bhur gcorp.

23 Is é cruthaitheoir an domhain a leag amach conas a thiocfadh duine ar an saol; eisean a bheartaigh tús an uile ní; ina thrócaire tabharfaidh sé anam agus beatha ar ais daoibh, ó tharla gur beag libh sibh féin mar gheall ar a dhlíthe.”

24 Mheas Aintíochas go raibh sí ag fonóid faoi; bhí sé in amhras go raibh masla i dtuin a gutha. Ó tharla an deartháir ab óige a bheith beo fós, d'impigh sé air, ní amháin le briathra ach le gealltanais a mhionnaigh sé, á rá go ndéanfadh sé saibhir sona é dá dtréigfeadh sé nósanna a shinsear; dhéanfadh sé cara dó féin de agus bhronnfadh sé post poiblí air.

25 Níor thug an t‑ógfhear aird ar bith air, agus, dá bhrí sin, ghlaoigh an rí chuige ar a mháthair ansin agus d'iarr uirthi comhairle a thabhairt don ógánach é féin a fhuascailt.