2 Macabaech 7:24-30 ABN

24 Mheas Aintíochas go raibh sí ag fonóid faoi; bhí sé in amhras go raibh masla i dtuin a gutha. Ó tharla an deartháir ab óige a bheith beo fós, d'impigh sé air, ní amháin le briathra ach le gealltanais a mhionnaigh sé, á rá go ndéanfadh sé saibhir sona é dá dtréigfeadh sé nósanna a shinsear; dhéanfadh sé cara dó féin de agus bhronnfadh sé post poiblí air.

25 Níor thug an t‑ógfhear aird ar bith air, agus, dá bhrí sin, ghlaoigh an rí chuige ar a mháthair ansin agus d'iarr uirthi comhairle a thabhairt don ógánach é féin a fhuascailt.

26 Tar éis dó bheith á áiteamh uirthi ar feadh i bhfad, thoiligh sí comhairle a chur ar a mac.

27 Chrom sí anuas air agus bhuail sí bob ar an tíoránach dánartha leis na focail seo i dteanga a sinsear: “A mhic, bíodh trua agat dom; d'iompair mé naoi mí i mo bhroinn thú, agus thug mé bainne cíche duit ar feadh trí bliana; bheathaigh mé agus d'oil mé thú go dtí an aois atá agat anois agus rinne mé cúram díot.

28 Impím ort, a leanbh liom, féach ar neamh agus ar talamh; machnaigh ar a bhfuil iontu agus admhaigh nach ndearna Dia iad as aon ní a bhí ann cheana agus gur sa dóigh chéanna a thagann an cine daonna ar an saol.

29 Ná bíodh faitíos ort roimh an gcéastúnach seo, ach cruthaigh go bhfuil tú ar aon chéim le do dheartháireacha, agus cuir fáilte roimh an mbás ionas go bhfaighidh mé ar ais thú, lá na trócaire, i gcuideachta do dheartháireacha.”

30 Sula raibh deireadh ráite aici, dúirt an t‑ogfhear: “Cad leis a bhfuil sibh ag feitheamh? Ní ghéillfidh mé do reacht an rí; umhlaím don reacht atá sa dlí a tugadh dár sinsir trí Mhaois.