29 Ná bíodh faitíos ort roimh an gcéastúnach seo, ach cruthaigh go bhfuil tú ar aon chéim le do dheartháireacha, agus cuir fáilte roimh an mbás ionas go bhfaighidh mé ar ais thú, lá na trócaire, i gcuideachta do dheartháireacha.”
30 Sula raibh deireadh ráite aici, dúirt an t‑ogfhear: “Cad leis a bhfuil sibh ag feitheamh? Ní ghéillfidh mé do reacht an rí; umhlaím don reacht atá sa dlí a tugadh dár sinsir trí Mhaois.
31 Maidir leatsa, a dhuine a bheartaigh gach cineál oilc in aghaidh na nGiúdach, is cinnte nach n‑éalóidh tú ó láimh Dé.
32 Óir táimidne ag fulaingt de bharr ár bpeacaí;
33 agus fág go bhfuil ár dTiarna beo i bhfearg linn ar feadh tamaill bhig, d'fhonn sinn a cheartú, agus a smachtú, beidh sé muinteartha arís lena shearbhóntaí féin.
34 Ach tusa, a ropaire smáil, a dhíogha an chine dhaonna ar choirpeacht, ná bíodh éirí in airde baoth ort, agus ná bíodh muinín gan bhonn mar chúis misnigh agat, nuair a ardaíonn tú do lámh in aghaidh chlann neimhe.
35 Níor tháinig tú slán fós ó bhreithiúnas Dé uilechumhachtaigh a fheiceann gach ní.