30 Sula raibh deireadh ráite aici, dúirt an t‑ogfhear: “Cad leis a bhfuil sibh ag feitheamh? Ní ghéillfidh mé do reacht an rí; umhlaím don reacht atá sa dlí a tugadh dár sinsir trí Mhaois.
31 Maidir leatsa, a dhuine a bheartaigh gach cineál oilc in aghaidh na nGiúdach, is cinnte nach n‑éalóidh tú ó láimh Dé.
32 Óir táimidne ag fulaingt de bharr ár bpeacaí;
33 agus fág go bhfuil ár dTiarna beo i bhfearg linn ar feadh tamaill bhig, d'fhonn sinn a cheartú, agus a smachtú, beidh sé muinteartha arís lena shearbhóntaí féin.
34 Ach tusa, a ropaire smáil, a dhíogha an chine dhaonna ar choirpeacht, ná bíodh éirí in airde baoth ort, agus ná bíodh muinín gan bhonn mar chúis misnigh agat, nuair a ardaíonn tú do lámh in aghaidh chlann neimhe.
35 Níor tháinig tú slán fós ó bhreithiúnas Dé uilechumhachtaigh a fheiceann gach ní.
36 Tá ár ndeartháireacha anois [ag ól] as sruthán na beatha gan díosc de réir chonradh Dé agus a dtéarma gairid péine curtha díobh acu. Ach tusa, cuirfear pionós cóir ort ar son do dhíomais trí bhreithiúnas Dé.