6 “Tá an Tiarna Dia ag faire orainn, agus tá trua aige dúinn go cinnte faoi mar a d'fhógair Maois ina laoi inar thug sé fianaise in aghaidh an phobail suas lena mbéal á rá: ‘beidh trua aige dá shearbhóntaí’.”
7 Nuair a bhí slán fágtha ag an gcéad deartháir leis an saol seo ar an gcuma sin, thug siad an dara duine díobh ar aghaidh le bheith mar sheó acu. Nuair a bhí idir chraiceann agus ghruaig stollta dá cheann acu, d'fhiafraíodar de: “An íosfaidh tú sula stolltar do chorp ó chéile géag ar ghéag?”
8 D'fhreagair sé i dteanga a shinsear: “Ní dhéanfaidh mé.” Imríodh céasadh air dá bhrí sin dála an chéad dearthár.
9 Nuair a bhí sé ar an dé deiridh, scairt sé amach: “A scraiste bhrúidiúil, tig leat an bheatha seo a bhaint dínn, ach tógfaidh Rí an Domhain chun na nuabheatha síoraí sinn, óir is ar son a dhlíthe atáimid dár gcur chun báis.”
10 I ndiaidh an duine sin chuaigh siad go sultmhar i mbun an tríú deartháir. Nuair a iarradh air a theanga a chur amach, chuir sé amach láithreach í, agus shín sé amach a lámha go dána
11 á rá go huasal: “Ó neamh a fuair mé na géaga seo; ar son a dhlíthe is beag é mo mheas orthu; tá dóchas agam go bhfaighidh mé ar ais uaidh athuair iad.”
12 Bhain, dá bhrí sin, misneach an fhir óig agus a neamhshuim sa phionós stangadh as an rí agus a lucht freastail.