1 Ghabh Iúdás, ar a dtugtaí freisin an Macabaech, agus a chompánaigh isteach sna sráidbhailte os íseal agus ghlaoigh a muintir le chéile; ghlacadar leis na daoine a d'fhan dílis don Ghiúdachas, agus chruinnigh siad ar an gcuma sin timpeall sé mhíle fear.
2 D'impigh siad ar an Tiarna féachaint le trócaire ar an muintir a bhí faoi leatrom ó gach taobh, agus trócaire a dhéanamh ar an Teampall a thruailligh lucht na haindiagachta,
3 agus trua a bheith aige don chathair a bhí á scriosadh agus ar tí a scartála ó bhonn, agus cluas a thabhairt don fhuil a bhí ag glaoch os ard chuige,
4 agus gan dearmad a dhéanamh ar na naíonáin gan chiontacht a bhí á n‑ídiú go coirpeach, ná ar na diamhaslaí a rinneadh in aghaidh a ainm, agus a fhuath don olc a fhógairt don saol.
5 A luaithe a bhí a arm eagraithe ag an Macabaech níorbh fhéidir do na págánaigh an fód a sheasamh ina aghaidh, mar bhí trócaire in áit feirge ar an Tiarna.
6 Thugadh sé fogha gan choinne faoi chathracha agus faoi shráidbhailte agus chuireadh trí thine iad. Ghabh sé láithreacha feiliúnacha agus bhris sé ar dhíormaí iomadúla dá naimhde;