12 Nuair a fuair Iúdás gaoth an fhocail go raibh Niocánór ar a bhealach, agus gur chuir sé in iúl dá lucht leanúna go raibh an armáil chucu,
13 an mhuintir mheata gan mhuinín as cóir Dé, bhaineadar as na bonna é agus d'imíodar leo.
14 Dhíol an chuid eile a raibh de mhaoin fágtha acu, ag achainí ar an Tiarna san am céanna iad a fhuascailt ó Niocánór na haindiagachta a bhí tar éis iad a dhíol fiú roimh dul i ngleic leo -
15 agus mura ndéanfadh sé amhlaidh ar a son féin é a dhéanamh ar a laghad ar son na gconarthaí a rinneadh lena sinsir agus de bhrí go raibh a ainm naofa oirearc féin á thabhairt aige orthu.
16 Thionóil an Macabaech a chuid fear, timpeall sé mhíle a líon, agus ghríosaigh iad gan scéin a bheith orthu roimh an namhaid, agus gan eagla a bheith orthu roimh an mathshlua de ghintlithe a bhí ag teacht ina gcoinne le teann urchóide, ach cath a thabhairt go calma,
17 agus gan dearmad a dhéanamh ar an gcoir uaibhreach éagórach a rinne an dream seo in aghaidh na háite naofa, an ciapadh a bhí á dhéanamh ar an gcathair bhocht gan mheas, agus mar bharr air sin, an scrios a bhí á dhéanamh ar an mbéascna dhúchais.
18 “Bíodh a muinín acusan,” a deireadh sé, “as airm agus gníomhartha gaisce, ach tá muinín againne as Dia Uilechumhachtach, a bhfuil sé ar a chumas, le croitheadh dá cheann, an mhuintir atá ag teacht inár gcoinne a leagan ar lár, agus an domhan go léir in éineacht leo.”