2 Macabaech 8:17-23 ABN

17 agus gan dearmad a dhéanamh ar an gcoir uaibhreach éagórach a rinne an dream seo in aghaidh na háite naofa, an ciapadh a bhí á dhéanamh ar an gcathair bhocht gan mheas, agus mar bharr air sin, an scrios a bhí á dhéanamh ar an mbéascna dhúchais.

18 “Bíodh a muinín acusan,” a deireadh sé, “as airm agus gníomhartha gaisce, ach tá muinín againne as Dia Uilechumhachtach, a bhfuil sé ar a chumas, le croitheadh dá cheann, an mhuintir atá ag teacht inár gcoinne a leagan ar lár, agus an domhan go léir in éineacht leo.”

19 Chuir sé i gcuimhne dóibh freisin na huaireanta a thángthas i gcabhair ar a sinsir - an uair úd le linn Shanaichéiríb nuair a cailleadh céad ochtó cúig mhíle,

20 agus an t‑am úd sa Bhablóin nuair nach raibh le cath a chur ar na Galataigh ach ocht míle Giúdach agus ceithre mhíle Macadónach; nuair a bhí na Macadónaigh i gcúngrach scrios an t‑ocht mhíle céad agus a fiche míle tríd an gcabhair a fuair siad ó neamh, agus ghabh siad creach thar cuimse.

21 Thug sé misneach dóibh leis na focail sin i dtreo go raibh siad réidh le bás a fháil ar son a ndlíthe agus ar son a dtíre; ansin roinn sé a arm ina cheithre dhíorma,

22 agus chuir sé a dheartháireacha Síomón, Iósaef agus Iónátán i gceannas ar dhíorma an duine, cúig céad déag faoi gach fear díobh.

23 D'ordaigh sé d'[Eisdrias] freisin léamh os ard as an leabhar naofa, agus thug dóibh an focal faire: “Cabhair Dé.” Ansin chuaigh sé féin i gceannas ar an gcéad díorma agus chuir cath ar Niocánór.