22 agus chuir sé a dheartháireacha Síomón, Iósaef agus Iónátán i gceannas ar dhíorma an duine, cúig céad déag faoi gach fear díobh.
23 D'ordaigh sé d'[Eisdrias] freisin léamh os ard as an leabhar naofa, agus thug dóibh an focal faire: “Cabhair Dé.” Ansin chuaigh sé féin i gceannas ar an gcéad díorma agus chuir cath ar Niocánór.
24 Leis an Uilechumhachtach mar chomhghuaillí, mharaigh siad breis agus naoi míle dá naimhde agus rinneadar formhór arm Niocánór a ghoineadh nó a leonadh agus chuir siad an teitheadh orthu go léir.
25 Leag siad féin lámh ar airgead lucht a gceannaithe mar dhaoir. Chuaigh siad sa tóir orthu ar feadh tamaill fhada, ach ansin d'fhill siad cheal ama.
26 Ba í oíche na sabóide í agus dá bhrí sin níor lean siad sa tóir orthu.
27 Chruinnigh siad airm a naimhde, bhain a n‑éadáil díobh, agus ansin cheiliúir siad an tsabóid le moladh agus le buíochas don Tiarna a rinne iad a chaomhnú don lá sin agus a bhronn orthu é mar chéad bhlaiseadh a thrócaire.
28 Nuair a bhí an tsabóid thart, thug siad cuid den chreach don mhuintir a céasadh, agus do na baintreacha agus na dílleachtaí, agus roinn siad an chuid eile orthu féin agus ar a gclann.