2 Macabaech 8:27-33 ABN

27 Chruinnigh siad airm a naimhde, bhain a n‑éadáil díobh, agus ansin cheiliúir siad an tsabóid le moladh agus le buíochas don Tiarna a rinne iad a chaomhnú don lá sin agus a bhronn orthu é mar chéad bhlaiseadh a thrócaire.

28 Nuair a bhí an tsabóid thart, thug siad cuid den chreach don mhuintir a céasadh, agus do na baintreacha agus na dílleachtaí, agus roinn siad an chuid eile orthu féin agus ar a gclann.

29 Ar chur sin i gcrích dóibh, ghlac siad páirt in urnaí phoiblí á impí ar Thiarna na trócaire cairdeas iomlán a dhéanamh lena shearbhóntaí.

30 Chuir siad cath freisin ar fhórsaí Thiomóid agus Bhacaídéas, mharaigh siad thar fiche míle díobh, agus fuair seilbh ar roinnt daingean ard. Roinn siad an chreach ábhalmhor ina dhá cuid chothroma, agus thug cuid dóibh féin agus an oiread céanna don mhuintir ar ar imríodh géarleanúint, agus do na dílleachtaí agus do na baintreacha, gan dearmad a dhéanamh ar na seandaoine.

31 Chruinnigh siad airm [an namhad] agus chuir i dtaisce go cáiréiseach iad in áiteanna feiliúnacha. Thugadar an chuid eile den chreach go Iarúsailéim.

32 Mharaíodar captaen gharda Thiomóid, ropaire cruthanta, a raibh a lán urchóide déanta aige do na Giúdaigh.

33 Le linn dóibh a bheith ag ceiliúradh a mbua ina gcathair dhúchais mharaigh siad an dream a chuir na geataí naofa trí thine, Caillistinéas agus dornán eile; bhíodarsan teite isteach i dteach beag; fuaireadar luach saothair cuí ar son a ndiamhasla.