4 agus gan dearmad a dhéanamh ar na naíonáin gan chiontacht a bhí á n‑ídiú go coirpeach, ná ar na diamhaslaí a rinneadh in aghaidh a ainm, agus a fhuath don olc a fhógairt don saol.
5 A luaithe a bhí a arm eagraithe ag an Macabaech níorbh fhéidir do na págánaigh an fód a sheasamh ina aghaidh, mar bhí trócaire in áit feirge ar an Tiarna.
6 Thugadh sé fogha gan choinne faoi chathracha agus faoi shráidbhailte agus chuireadh trí thine iad. Ghabh sé láithreacha feiliúnacha agus bhris sé ar dhíormaí iomadúla dá naimhde;
7 bhíodh na hoícheanta go háirithe áisiúil d'ionsaithe den sórt sin. Leath clú a ghaisce i ngach treo.
8 Nuair a chonaic Pilib go raibh Iúdás ag dul chun cinn de réir a chéile agus ag fáil bua níos minice ná riamh, scríobh sé chun Ptoilimí, gobharnóir Choíle Síre agus Féinícia, ag lorg cabhrach do chúis an rí.
9 Cheap seisean gan mhoill Niocánór mac Phatroclas, duine de phríomhchairde an rí, i gceannas ar fhórsa idirnáisiúnta de bhreis agus fiche míle de ghintlithe, d'fhonn an cine Giúdach ar fad a scriosadh. Mar pháirtí aige cheap sé Goirgias, ginearál agus fear a raibh seantaithí aige ar chúrsaí cogaidh.
10 Bheartaigh Niocánór go ndéanfadh sé an cháin de dhá mhíle tallann a bhí ag dul do na Rómhánaigh ón rí a bhailiú trí na príosúnaigh Ghiúdacha a ghabhfaí a dhíol mar dhaoráin.