9 Cheap seisean gan mhoill Niocánór mac Phatroclas, duine de phríomhchairde an rí, i gceannas ar fhórsa idirnáisiúnta de bhreis agus fiche míle de ghintlithe, d'fhonn an cine Giúdach ar fad a scriosadh. Mar pháirtí aige cheap sé Goirgias, ginearál agus fear a raibh seantaithí aige ar chúrsaí cogaidh.
10 Bheartaigh Niocánór go ndéanfadh sé an cháin de dhá mhíle tallann a bhí ag dul do na Rómhánaigh ón rí a bhailiú trí na príosúnaigh Ghiúdacha a ghabhfaí a dhíol mar dhaoráin.
11 Chuir sé scéala ar an toirt go dtí na cathracha ar fheorainn na farraige ag tabhairt cuireadh dóibh daoir Ghiúdacha a cheannach agus á gheallúint go dtabharfadh sé nócha daor ar thallann, gan aon súil aige le breithiúnas an Uilechumhachtaigh a bhí ar a thí.
12 Nuair a fuair Iúdás gaoth an fhocail go raibh Niocánór ar a bhealach, agus gur chuir sé in iúl dá lucht leanúna go raibh an armáil chucu,
13 an mhuintir mheata gan mhuinín as cóir Dé, bhaineadar as na bonna é agus d'imíodar leo.
14 Dhíol an chuid eile a raibh de mhaoin fágtha acu, ag achainí ar an Tiarna san am céanna iad a fhuascailt ó Niocánór na haindiagachta a bhí tar éis iad a dhíol fiú roimh dul i ngleic leo -
15 agus mura ndéanfadh sé amhlaidh ar a son féin é a dhéanamh ar a laghad ar son na gconarthaí a rinneadh lena sinsir agus de bhrí go raibh a ainm naofa oirearc féin á thabhairt aige orthu.