1 Um an dtaca sin tharla go raibh Aintíochas tar éis cúlú ar mhí-eagar ó chríocha na Peirse.
2 Ghabh sé isteach sa chathair ar a dtugtar Peirsipoil agus rinne sé iarracht ar na teampaill a robáil agus smacht a fháil ar an gcathair. Uime sin ghabh na daoine a n‑airm chucu agus bhrostaigh i gcabhair i dtreo gur bhris na háitritheoirí ar Aintíochas agus gurbh éigean dó teitheadh leis faoi náire.
3 Nuair a shroich sé Eacbatana chuala sé cad a tharla do Niocánór agus do shluaite Thiomóid.
4 Tháinig fraoch feirge air, agus bheartaigh sé go mbainfeadh sé sásamh as na Giúdaigh ar son na hurchóide a rinne an dream a chuir an teitheadh air féin. D'ordaigh sé dá ara dá bhrí sin tiomáint ar aghaidh gan stad nó go gcuirfeadh sé a aistear de. Ach chuaigh breithiúnas neimhe ina choimhdeacht, mar dúirt sé le teann díomais: “Déanfaidh mé ollreilig do na Giúdaigh de Iarúsailéim nuair a shroichfidh mé é.”
5 Ach Dia Iosrael, an Tiarna a fheiceann gach ní, bhuail sé é le buille doleighiste dofheicthe. Ní raibh na focail ach as a bhéal nuair a bhuail pian doleighiste é sa chliabhrach agus a ghabh íona géara é sna hionathair -
6 agus ní raibh ansin ach lán an chirt ina chás siúd mar gurb iomaí slí inar chéas sé cliabhraigh dhaoine eile le pianta aisteacha.